ar
(Prep Simp)

Bhí ag coimeád leo i gcónaí; faoi mar a bhídís ar an ardán, bhíodh an Fairceallach san ísleán, agus nuair a bhídís san ísleán bhíodh an Fairceallach san ardán. 🔊

"Ó", ar seisean, "níl aon fhear i seacht gcatha na nGnáth-Fhéinne nach gcuirfidh scian agus forc agus pláta ar a aghaidh amach!" 🔊

Bhí cos léi trasna ar an gcos eile agus gan aon bhróg uirthi - í cos-lomnochtaithe. 🔊

Bhí dhá shúil ghlasa ghorma aici agus muince uirthi chomh geal agus a chonaiceadar ar aon bhean riamh. 🔊

fhacadar éinne istigh ach seanduine a bhí ina shuí ar bhloc sa chúinne, a cheann faoi agus a dhá lámh faoina smig aige. 🔊

Bhí cinn de ghadhair sínte ar imeall na tine. 🔊

Tháinig an Fairceallach isteach ansin agus chuir bia agus deoch ar na boird d'Fhionn agus do na Fianna. 🔊

raibh aon fhear sa bhFéinn nár chuir scian agus forc agus pláta ar a aghaidh amach. 🔊

túisce a ghabh amach gur éirigh na ghadhar agus léim siad in airde ar na boird agus ritheadar síos tríothu. 🔊

Nuair a bhí a raibh ar na boird ite agus ólta acu, tháinig siad anuas agus shíneadar san áit chéanna ar imeall na tine le hais an tseanduine. 🔊

Tháinig an Fairceallach isteach agus fhaca greim bia ar aon bhord. 🔊

túisce sin phreab na ghadhar ar na boird. 🔊

Tháinig an Fairceallach isteach arís don tarna huair agus raibh aon ar aon bhord ag Fianna Éireann roimhe. 🔊

"Nár chóir go gcuirfeá smacht ar na gadhair sin agat!" 🔊

Thóg an seanduine a cheann agus d'fhéach ar na gadhair lena dhá shúil agus mharaigh iad. 🔊

"Inis dom anois", arsa Fionn, "cé an seanduine liath a bhí sa chúinne nuair a dúirt leis smacht a chur ar na ghadhar, gur fhéach lena súil orthu agus gur mharaigh iad?" 🔊

"Agus inis dom anois," arsa Fionn, "cén saghas iad na ghadhar a d'ith ar cuireadh ar na boird, an uair, de bhia is de dheoch, agus nach n-aithneodh éinne orthu gur ith siad aon ghreim?" 🔊

an scéal seo bunaithe ar scéal 53 as Leabhar Sheáin Chonaill, le Séamas Ó Duilearga (Browne and Nolan, Ltd. 1964), agus é cóirithe do thionscadal ABAIR.ie 🔊

Frequency index

Alphabetical index